School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)

Location:
Aughacasla North, Co. Kerry
Teacher:
S. Ó Téacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0430, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0430, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 001
  3. XML “An Buachaillín Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhreacas síos an dán so ó Domhnall O Curnáin, ó "An Macaire Beagh sa bliain 1921 A.D. Cailleadh Domhnall roinnt blianta ó shoin agus é níos mó na 80 bliain d'aois.
    Dubhairt se go raibh bean darbh' ainm di "Siobán Ní Shiobhan" i gCaisleán Griaire fadó. Bhí sí ana-ghránda agus ní phosfadh aoinne í. Chuaidh sí chun an fhile, chun dán a dhéanamh 'á moladh, agus dhein an file, "Nellie Cóach," an dán dí. Chuala buachaill Ó Chorcaigh an dán agus tháinig sí chun Siobhán a phósad. 'Sé sin an "buachaillín óg" atá sa dán.

    (I)
    Is buacaillín óg mé gan ór gan cuid,
    Gur seoladh abhfad óm' cháirde,
    Ó Corcaigh gur thomhaiseas na bóithre go h-Inis,
    A's as siúd arís go Tráigh Lí.
    Niór stadad den stáir sin go dtí áird ó thuaidh,
    I mbaile beag áitreabh láimh le cuan,
    Mar annsúd seadh fuaireadh fáílte.

    (II)
    Ba bhreaghtha í na Bénus ná Helen chailce,
    Ná braighead Phoebus ó spéir na maidne,
    Na Hector tréanmhar ón nGreág dá dtagadh
    Is fíor go dtabharfadh gradh dhi.

    (III)
    Bhí a gruadhna mar caortha,
    Bhí a scéimh mar an eala,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ó Curnán
    Gender
    Male
    Address
    Magherabeg, Co. Kerry