School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 732
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Páirceanna atá i bhfeirm m'athar sa "Taobh-a-Chnuic" i bparóíste Bhreanndáín.A) AN TURASGlaodhtar "Turas" air mar gach blian téíghean a lán daoine ann ag déánamh an turais in onóir do Naomh Flann. Tá liochtáín mór thimceall ar an bpáírc agus tá saghas tíhe bhig in a lá. Fadó bhí trí toibreacha fíór-uisce ar barra na páírce ach níl siad ann in ao'chor anois.Tá sé ráidhte ag na seandaoine gur chuaidh bean tathnóa amháín ón baile ag nighe olna ins na toibreacha so agus ar maidean cá raibh siad ach in aice na fairrge i lic mhóír. Tá siad ann fós agus gach duine a déánfhadh an turas caithfheadh sé dul síós go dtí na toibreacha agus braon uisce d'ol as gach tobar. "Leac Flainn" a glaodhtar ar an lic sin ó shin.
B) POLL TOBACGlaodhtar "Poll Tobac" air mar fadó do cuireadh daoine tobac i bhfolach ann mar bhíódh eagla ortha go bhfagadh na peiléírí é. Tobach a tháíig isteach 'na Reice.
C) GARRAIDHE KENNEDYGlaodhtar Garraidhe Kennedy air mar bhí fear dar bainm do Kennedy na chomhnuidhe ann fadó agus tá fotharach a thige ann fós.
D) GARRAIDHE "TUIR CUILINN"Glaodhtar Tuir Cuilinn air mar bhí crann mór cuilinn ag fás ann fadó.
E) MÓINFÉÁR na nGAMHNAGlaodhtar "Móínféár na nGamhna" air mar is ann a bhíonn na gamhna gach bliain.
F) GARRAIDHE AN GABHAGlaodhtar "Garraidhe an Gabha" air mar bhí gabha ann fadó agus tá fotarach a ceárdhtan ann fós.
G) MÓINFÉÁR na FOTHARAIGHEGlaodhtar "Móínféár na Fotharaighe" air(continues on next page)