School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 728
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad na h-ainmeacha - páirceanna, srutháin, cnocáin etc, atá i mBaile UíDhuibhne i bparoiste Chlochain:-
Páirceanna:-Páirc a Leasa - sé an fáth go nglaodhann siad "Páirc a Leasa" uirthi, mar tá líos ann agus tobar go nglaodhann daoine "tobar na Súl" air. Deireadh siad go raibh leigheas san usige do shúilibh tinne.Gort a Bhráthair - garráidhe iseadh Gort a Bhratair go raibh brathair i na chómnuide ann fádo. Bhí sáipeal mor ann agus tá cuid de le feiscint ann fós.
Drom na Cille - tá chloch fé bhun "Drom na Cille" ar nós chloch a bheadh i sáipéal chun an uisge coisrigcean do choimeád, agus tá a lán comharthaí reilige i gcúinne de pháirc eile anaice leis.
Gort Bhaoithin - garradihe iseadh "Gort Baoithin", gur crochadh fear ann fadó gur bh'ainm do 'Baoithín'. Cuireadh air gur ghuid sé tarbh agus an lá a bhí an fear taréis á chrochta thaínig an tarbh abhaile.
Cathair na Féithe - deir na sean daoine gur thóg na Danair é agus i ngarráidhe anaice leis tá "Leabaidh Diarmada". Deirtear gur(continues on next page)- Collector
- Tomhás Ó Loinsigh
- Gender
- Male