School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 712

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 712

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 712
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fígheadóir i Liosnacaolbhuidhe fadó - Seán Ó Dubháin. Ana fhigheadóir a bheadh é. Bhí seól figheadóireachta aige. Bhí sé go maith chun plainnín do dheanamh. Bhí sé ar na figheadóirí dobh fhearr san pharóiste. Do thagadís ó'n Mhullach chuige chun an plainnín do dheanain dóibh. Dhá scilling ar gach aon deich mbann lamha a bhíodh uaidh. Déineadh se deich mbannlámha sa ló. Mar a briseadh aon snáithín ins an spól, nó san úghaim nó ins an bhfeatán a choinigeochadh mall é d'iarraidh an snidhim ceart a cur air "snaidhm an Fhigheadóra." Ba dheas leat bheith ag féachaint air agus é ag oibriú an t-seoil, le na dhá chois, ag oibrú na slinne, agus torann an featáin ag dul le buile, sall is anall. Dheineadh sé plainnin ana mhaith cun leinteacha a dheanamh, agus rudaí eile.
    Leanadh morán trioblóide an plainnín. Chaithfhidís an olann a chárdáil, é sníomh, e dheilbheadh ar an bhfalla, é chur le chéile, agus é do bhreith go dtí fígheadóir. Ins an aimsir sin bhíodh na mna ag sníomh go dti go dteigheadh an "tríghdín" os cionn Cnoc Bhréanan agus go mbíodh sé a trí clog an uair sin, mar ní raibh aon chlog aca ach an "trighdín". Ni bhíodh an lampa féin aca leis, ach "slige". Bíodh íle éisc aca ins an slige agus geitri scúithte istigh san íle, agus nuair a sugadh an íle ionnta lasaidís go breágh agus iad istigh i bpoll an iarta, agus a gcinn amach thar faobhar an t-slige. Bhí an figheadóir 'na chómhnaidhe ins na "Porta Dubha." Anois tá an tigh leaguithe, agus níl ag seasamh ach na ceithre fallaí agus is gearr nó beidh aon fallaí na seasamh ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Muircearthaigh
    Gender
    Female