School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 705

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 705

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 705
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí scoil i Liosnacaolbhuidhe fadó agus sé an ainm a glaodhíst uirthi ná "Scoil an Phíopaire Bhig." Sé an ainm a bhí ar an máighistir ná Seán Ó Chiuinn. San am san thugadh an máighistir seachtain i ngach tig san' paróiste. Ní bhíodh aon phágh aca ach thugadh na sceolaírí cúpla scilling do sa tseachtain.
    Ní bhíodh á múineadh aca ach uimhíriocht, leightheóireacht agus scríobhnóireacht. Gaodhlainn is mó a bhíodh ar siubhal aca san am san. Siad na leabhair a bhíodh aca ná an "Primer" agus an "Reading made easy." Bhíodh cleití gé, dubh, agus slínteacha, aca ag scríobadh. Bhíodh stól acha chun suidheacháin agus suidheadh an máighistir ar stól leis.
    Bhí sean scoil i mBaile Uí Dhuibhne agus sé an ainm thugaidís ar an máighistir ná "Master of the Tongue." Ní raibh sé ró mhaith in aonchor, mar nuair a bhíodh na laetheannta breagtha ann, théigeadh sé síos ar an dtráigh agus chuireadh sé scoláire ag faireadh ar an gcigire. Lá ammháin tháinig an cigire agus ní raibh an mháighistir ann roímis. Do bhí sé thíos ar an dtráigh agus do bhris an chigire é as an scoil.
    Fuaireas é seo ó'm mháthair atá 57 bl d'aois. Fuair sí sin iad ó a h-athair feín atá marbh anois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Leighin
    Gender
    Female