School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 700

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 700

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 700
  3. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Bhí bean i Liosnacaolbhuidhe fadó, timcheall dachad bliain ó shoin. Tháinig oidhce mhór gaoithe, stoirmeach agus lean sé dhe go dtí maidin ar na mbáireach. Lá ar na mbáireach do thuit smut de fhalla an tighe "Iarraim ar Dhia" ars sise, "ná leagfhaidh Sé thu mar thigh, go leagfhaidh dhá láimh duine thu," agus d'fhan an tig mar sin nó gur leagadh anuas é chun tighe nuadh do thógáil.
    2) Comharthaí go raibh an stoirm ag teacht:- An speír agus paistí crón-dhearg agus na "merry dancers" innti. Thugann an cat a dhrom leis an dteine.
    3) Le linn sneachtaidh éirigheann an fhairrge agus bíonn doirtheacht ins an spéir.
    4) Timcheall caogadh bliain ó shoin tháinig stoirm mór agus sneachta, do múchadh morán stuic, idir beithidhigh agus caoire i "Macha an Mhíl" i lár mí na Bealtaine.
    5) Oidche Nodhlag Beag na Gaoithe Móire 1839, níor thaínig a leithéid riamh ó shóin. Níor chuaidh éinne a codhladh an oidche úd. Do leag sé cocaí feír agus stácaí, agus níor fhág sé cleith ná sgolb ar aon bhothán ná raibh dinghithe agus ceangailte go maith roimis.
    6) Do bhí stoirm toírnighe ann sa bhliain 1936. Do mairbh sé trí ba, trí gamhna agus asal ar fear ó'n áit seo - Tomas Mac Gearailt ó'n gCeapaig
    Fuaireas iad seo ó'm mháthair atá 57 bl.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Leighin
    Gender
    Female