School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 696

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 696

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 696
  3. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó fadó tímcheall céad blíain ó shoin i mí Éanair tháinig tuile mhor i "nAbha na Féinne" agus bhí caoghadh beithídig le Gearóid Muiragrán i Macha-an-Mhíl agus do báthadh íad go léir. Lá ar na mháireach do chuaidh an fear aimsire i bhí aige ag lorg na mbeitigheach ach ní raibh aon ceann aca le fághail. Núair a tháinig sé abhaile d'fhiafhraig Gearóid dhe an bhfeaca sé aon ceann aca. "Ní fheaca," arsa an fear aimsire, "mar do scúab an tuile íad."
    Tháinig tuile mhór sa bhlían 1933 i mí na Nodhlag. Do leag sé an droicheadh íarainn i bhí treasn Abha na Féinne in-aice na fairrge.

    Cómharthaí go raibh Stoirm ag teacht
    Núair a bhíonn fáinne mór thímcheall an ré agus na réilthínní in-aice leis lá ar na mháireach bíonn stoirm mór ann.

    Tóirneacha agus Splannchacha
    Lá amháin i mí Éanair sa bhlían 1936. Tháinig tóirneacha agus spunnchacha móra agus do mhairbh síad trí ba agus cuig cínn do gamhna agus asal le Tomás Mac Gearrailt atá na chómhnuidhe sa gCeapaig.
    Oidhche eile i mí Meitheamh sa blían 1936 do tháinig tóirneacha agus splanncacha ana mhor agus do mhairbh síad capall ana bhreágh le Seán Ó Néil atá na cómhnuidhe i Contae na Mídhe anois.

    Oidhche na Gaoithe Móire 1839
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Bric
    Gender
    Male