School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Nuair a bhíonn ceann an mhadra leis an dteine sin (cómhartha báistíge)
2. Nuair a bhíonn bearradh caorach sa spéir sin droch (cómhartha ar an aimsir)
3. Nuair a bhíonn na cúirliúin ag glaodach sin (cómhartha báistíge)
4. Nuair a bhíonn an spéir ana dhoracha sin (comarta báistíge)
5. Nuair a bhíonn fáinne tímpeall na gealaighe sin (droch chómhartha ar an aimsir)
6. Nuair a bhíonn na coiligh ag glaodach sin (cómhartha aimsir bhreágh)
7. Nuair a bhíonn an spéir ana gheal sin (cómhartha go mbíonn sé ag cur seaca)
8. Nuair a bhíonn na trumpaláin ag lamhancán ar na bóithre agus na garraidhthe sin (cómhartha aimsir bhreágh)
9. Nuair a bhíonn na cearca á bpriocadh féin sin cómhartha eile báistighe
10. Nuair a bhíonn na siongáin ag lamhancán ar na bóithre sin cómhartha báistighe
11. Nuair a bhíonn na lachain ag scréachaig sin cómhartha báistíghe.
12. Nuair a bhíonn an gaoth aniar ann leanann an báisteach
13. Nuair a bhíonn an bogha sin sa spéir sin cómhartha báistighe.- Collector
- Eibhlín Ní Muirchearthaig
- Gender
- Female
- Address
- Lios na Caolbhuí, Co. Kerry