School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 656

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 656

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 656
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean na cómhnuidhe i "dTaibh-a-Cnuic" fadó, agus ní raibh aoinne sa tig ach í féin. Bean ana lag do b'ead í, agus bhíodh sí bhreóite gach aon lá. Oidhche amháin bhí sí ana bhreóite agus ní raibh aoinne chun deoch ná biadh do thabhairt di, agus tímcheall a haon a chlog nuair a bhí gach aoinne na gcoladh, tháinig scata mór daoine agus tógadar í féin agus an leabaidh amach an dorus agus ar maidean cé raibh sé ach istig i dtig bheag san "Cé" - ná raibh aoinne na chómhnuidhe. Ní raibh sí ins an "Cé" ach trí lá nuair a fuair sí bás. Eibhlís an ainm a bhí uirthi agus ta an tig i "dTaobh -a-cnuic" fós agus "Fotharach Eighlíse" a glaodhtar air -
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Loinsigh
    Gender
    Male
    Age
    75