School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 645

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 645

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 645
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus liosnacaoilbhuidhe fadó agus lá amháin do chuaidh sé ar an aonach go dtí an Daingean. Pé ladaráin do bhí air ann, do bhí sé 'na meadhon oidhche teacht abhaile dho. San Chonair cad a bhuail leis ach an sprid's an púca agus bhiodar ag bruighean.
    Arsa an púca leis an bhfear "an ndeanfá mé chosaint ar an sprid?" "Conus a fheadhfainn sse thu chosaint," arsan fear, "D'féadfá go maith mar tá Sgian na Coise Duibhe ad' phóca, agus tabhair fúithi léithi."
    Do thug sé fúithi agus do leag sé íl Do chuir an sprid béic aiste agus d'imthigh sí ar nós gála gaoithe.
    "Tá an oidhche caitthe arsan bfhear, cathain a bheadsa ag baile." "Preab anairde ar mo dhro, ar seisean (mar do bhí sé i bjhjfuirm chapaill), agus tabharfadsa abhaile thú." Do chuaid sé anáirde, agus 'é an marcaidheacht é ba bhreaghtha bhí aige riamh. Bhí se ag baile i leath huair a chluig. Do dhúisigh sé gach aoinne sa tigh nuair a srois sé e. D'fhág sé rian a dhá chos thosaig ar lic a' dorais. Dubhairt sé leis an bhfear "ma thagann aon chás trom go deó org ghaodhaigh ormsa agus cabhróchaid mé leat.
    D'imthigh sé air annsan agus siar bóthar a Ché do dhúisigh sé gach aoinne. I gcionn bliadhna 'na dhiaidh sin do bhí cás éigin air an bhfear gur theastaigh cabhair uaidh; kagus do bhí sé i dtrioblóid mhóir. Sa deire do chuimhnig sé ar an bpúca
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Leighin
    Gender
    Female