School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 638
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó fadó bhí fear i n- chómhnaidhe sa Cheapaig. Amadán do b'eadh é. Lá amháin chuaidh sé go dtí an aonach agus bhí bó aige le díol. Nuair a bhí sé ag imtheacht go dtí an aonach dúbhairt a athair leis "an pinginn is aoirde sa n-aonach d' fhágháilt uirthi". Bhí búachaill óg san aonach agus nuair a chualaidh sé an t- amadán a rád "an pinginn is aiorde san aonach" do rith an búachaillín óg abhaile agus dúbhairt sé le na mháthair pinginn a thabhairt do. Agus annsan fúair sé bata agus chuir sé an pinginn a n- áirde ar bharr an bhata. Chuaidh sé go dtí an amadán agus ar seiseann leis. "Seo dhuit an pinginn is aoirde san aonach" ag ardú an bhata agus an pinginn i n- áirde air. Do thug an t- amadán an bhó don bhúachaill agus do thug an búachaill an bata agus an pinginn i n- áirde air don amadán. Nuair a chuaidh an t- amadán. abhaile bhí a athair ar buille nuair a chúalaidh sé an sgéal, agus thug sé léasadh maith don amadán.
- Collector
- Bríghidh Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Informant
- Tomás Ó Loinghsigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50