School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 612

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 612

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 612
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó ríamh do bhí fear na chómhnaidhe sa Daingean gurb ainm do Thomson. Tighearna talmhan dob eadh é agus bhí sé ana chruaidh ar na daoine bochta. Do bhí chómharsa na chómhnaidhe in aice leis gurb ainm do Maonas átSíthig; feirmeóir a beadh é, agus do bhíodh sé ag díol prátaí leis na daoine bochta. Tháinig Thomson cuige lá amháin agus dubhairt sé leis stad as díol na bphrátaí, go gcathfadh na daoine go léir an chreideamh Caitilicídhe do caitheamh suas agus iompóg 'na Bprotastúnaig in aonacht leis féin. Tháinig an Sagart Paróiste go dtí Maonas agus dùbhairt sé leis na prataí do thabhairt do's na daoine bochta. Dúbhairt Maonas ná tabhrfadh mar go ndúbhairt Thomson leis gan íad dho thabhairt dóibh in aonchor. "Tabhair dóibh na prataí," arsan Sagart "tá Thomson ag imeacht amaireach" ar seisean, "mar cuirfeadh-sa é in áit má cífhir go deó arís é". Thóg sé leabhar úrnaighthe as a phócha agus thosnuig sé ag léigheamh agus dúbhairt sé leis an Sagart Óg é fhreagairt. Dubhairt an Sagart Óg leis ná dhéanfhadh. "Déanfaidh mé féin é" arsan Sagart Paróiste. Nuair a bhí deire léighthe aige, abair 'amen'" anois ar seisean "amen" arsan Sagart Óg "is abair-se 'amen' a Mhaonais, "amen" óm chroidhe," arsa Maonas. D'imig Thomson ar fuaid na tíre agus ní fheacaidh aoine san Daingean ó shoin é, agus do bhí saoghal breagh ag na daoine bochta na dhiaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig O Loinghsig
    Gender
    Male
    Address
    An Cheapaigh, Co. Kerry