School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 608

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 608

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 608
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach idir Tír agis Líos, agus go bhfuil cat driochta ag tabhairt aire dhó. Tá sé istig a liosachán beag atá ar nós tíghe. Ní raibh fhíos ag aoine go raibh an ciste óir i bhfolach ann, ach ag aon fhear amhain. Bhí sé cúpla míle ón áit 'na raibh an t-ór, agus bhí eagla air dul ann gan fear eile bheith leis. Ach dúbhairt sé leis féin go mbeadh an fear eile d'iarraidh leath don ór a fhagáilt uaidh. Ní dúbhairt sé aon rud ach aon mhaidean amháin chaidh sé suas go dtí an áit 'na raibh an ciste, agus chuala sé céól is gleó istig sa líos. Bhí sé ag éisteacht ar feadh tamhaill agus tháinig bean mhór amach, is d'fiafraidh sé dhe "cad atá bhí uaidh" D'Fhreagair sé "tabhair dom an cisthe éir atá agat istig sa liosachán so". Do chuaidh sé isteach agus sciob sé an t-ór i na pócha agus do imig sé. Ní raibh sé ró fhada ón líos Nuair do chuala sé í ag teacht, do chaith sé an t-ór isteach fé chloich ach do rug sé air, do labhair sí leis is dúbhairt "má thagann tú suas annsan go deó arís marbhocaidh é thú". Chuaidh sé abhaile ag rith agus scannradh na chroidhe agus níor chuaidh sé suas do dtí an aith aith sin go deo arís. Deirtear go bhfuil an t-ór ann o shoín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairgeadh Nic Fhínn
    Gender
    Female
    Informant
    Eamhon O Seadhghe
    Gender
    Male
    Age
    50