School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an corn uathi, ach sar ar ól sé an deoch as, do chuir sé fáinne 'na bhéal. Nuair a bhí an deoch ólta aige do scaoil se an fáinne isteach sa chorn, is ghaibh sé a bhuídheachas leis an mbainríoghain óig. D'imig sí sin isteach agus an corn á chasadh 'na láimh aici. Ní raibh sí imighthe i bhfad nuair bhraith an glór i dtóin an chuirn thíos. D'fhéuch sí isteach ann is chonnaic sí an fáinne, 's thóg sí amach é. D'aithin si láithreach é, mar bhí a h-ainm 'sa sloinne ann. "Is tú atá ann, a Chéaduig", a dúbhairt sí léithi féin.
Do chas sí thar nais arís is chuir sí na fáiltí roimis. "Ba dhóbair go mbeithfá déidheanach", ar sise, mar ní raibh aon t-súil agamsa go bhfeicfinn go deo 'rís thu". "Raghad-sa isteach anois" ar sise, "agus suidhfidh-mé le h-ais Mac a' Rí, agus tair-se isteach annsan am dhiaidh, is déin isteach orm, is bain póg díom".
Chuaidh sí isteach is shuidh sí le h-ais Mac-a-Rí. Do lean Céadach í, is dhein sé isteach uirthi. Chuir sé a dhá láimh ar gach taobh dá h-aghaidh, is do thug sé póg di ó's cómhair a raibh láithreach.
Do chuir sí scarta mór gáire aisti,(continues on next page)- Collector
- Peig Bheag Ní Dhéada
- Gender
- Female
- Informant
- Pádruig d' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 90
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry