School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó fadó riamh so bhí Táiliúir a' maireachtaint ar an dTír i bParóiste Bhraonndan thiar theas.
Lá amháin tháinig bean isteach a triall air le paiste do chur ar bhríste a fir, agus tharrig sí púnt ime dho as a dhéanta. Do bhí an Táiliúir sásta, 's chur sé an paiste ar an mbríste.
Lá ar na mháireach bhí sé a dul go Corcaig agus ar a shlighe dho, do casadh ceardhta air, is chuaidh sé isteach ag féuchaint ar an ngabha ag obair. Do thaithin éirimíshe an ghabhann chómh mór san leis, agus an t-slíghe 'na gcuireadh sé chun oibre, gur iarr sé air Chaidheamh a dhéanamh do, go mbeadh na focail seo scríbhte ar a chliathán - 'Marbhú céad d'aon bhéim'. Do dhein an gabha an Claidheamh do, is d'imig sé air go Corcaig. Nuair tháinig sé go teórain na catharach do bhuail(continues on next page)- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seán Ó Bric
- Gender
- Male
- Age
- 80