School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 166
  3. XML “Neoin”
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)
  6. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá neóin i Murrigrán ag dul ó bharra "Páirc Mhoynihan," thuas ar taobh an chnuic, síos go bruach na trágha - ag "Cuas na Catharach."
    Deirtear go bhféadfadh fear sé troig ar aoirde seasamh go díreach istig ann. Deirtear go bhfuil seacht gcéimeanna cloch a dul síos, ach dá dtéigheadh duine síos agus seasamh ar an seachtú céim (step) go ndúnfadh an áit thuas agus go mbéarfaí thíos air. Deirtear leis go bhfuil an áit istig na bheathaidh le cataibh fiaine a stracadh as a chéile éinne ragadh isteach.
    Na Danair a bhunaidh é: bhíodh sé mar áit stóir 's mar áit ealuighthe aca.
    Breanndán Ó Néil
    Murrigrán
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Breanndán Ó Néil
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Murorgán, Co. Kerry
  2. (no title)

    Ná téir isteach in aon tig maidin lae an Nodlaig gan rud éicint glas do thabhairt leat isteach as láim.

    Ná téir isteach in aon tig maidin Lae an Nodlaig gan rud éicint glas do thabhairt leat isteach ad láimh.
    ( Diarmuid Ó Néil 60 bl. ó na mháthair ná maireann )
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (no title)

    Ná tabhair an sceach gheal isteach in aon tig leat aon am de'n bhliain nó deanfair díoghbhail duit féin nó den tig sin.

    Ná tabhair an sceach gheal isteach in aon tig leat, aon am de'n bhliain nó deanfair díoghbhail duit féin nó den tig sin.
    ( D O Néil 60 bl.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  4. (no title)

    Nuair a chídfir an spéir go geal glanm, agus an smúitéan las'tuaidh, bíodh súil le h-aimsir bhreag agat.

    Nuair a chídfir an spéír go geal glan, agus an Smúitéan las'tuaidh, bíodh súil le h-aimsir bhreag agat.
    ( Mairtín Ó Dubhda 82 bl. )
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.