School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 119/168Brigidh Ní Ghrainne 13 bl. ó na seanmháthair 76 bl a mhaireann fós.Cómhairle do chailíní óga
I
A chailíní diaguidthe atá fe riaghail
ag Rígh na nGrást.
Bídhídh ciúin, tais, banamhail, ciallmhar go dian
lasta le h-iomad grádh,
Faisin úrach spiacach (spiagach?) ar bhúr n-éadach ná bíodh
go bráth,
Ná bhúr gceann (?) go guagach piacach, más mian
libh na flaithis d’fhághail.
IISpórt ‘s ceol an t-saoghail seo tréigídh de
ghrádh do Dhia
Na h-óig-fhir shúgaig seachnuighídh, chun na géilleadh
sibh do chaithibh an diabhail.
Gach cailín fós dá spéireamhail is baoghalach dóibh
a gcleasuíocht ndian,
Mar tá cúis an pheaca á gclaonú gan staonadh
go dtí na namhaid riamh.
III
Más méin libh fanacht gan céile le géilleadh ‘s le grádh
do Dia.
Bhúr smaointe bíodh go naomhta, ‘s bhúr scéimh-chruth
curtha fé riaghail
Seasuighidh amach go láidir ‘s sáruíghidh bhúr namhaid
de ‘síor
‘S le cungnamh ceart na Páise, agus an Slánuightheor’
Sluagh anaoird[e?]- Collector
- Brighid Ní Ghrainne
- Gender
- Female
- Age
- 13