School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 116
  3. XML “Muintir Sheaghdha”
  4. XML “Tosach Bord agus Binse an Iúistís”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn dochme ag daoine roim éinne de'n sloinne sin "Seaghdha" do bheith istig leotha ag iascach, nó ar an bhfairrge in-aic' chor leotha. Bíonn eagla a mbáidte ortha dá mbeadh aon "Seaghdha" na measc. Deirtear gur thuit eascainne na mBrúgach fadó ar an treibh sin.
    Eogan Ó Néil, 65 bl. ón athair
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tosach bórd ’s binnse an Iúistís
    Bhí tighearna talmhan ann fadó, agus bhí buachaill aimsire aige darb’ainm Seán Ó Baoighill.
    Do phós ingean leis an tighearna uair ach má phós níor thugad aon chuireadh ar an mbainis do Sheán.
    Tar éis tamaill eile do phós ingean eile leis, agus tugadh cuireadh do bhean Sheáin an uair so. Ach má tugadh, ní thiocfadh sí sin nuair nár tugadh cuireadh do Sheán. Sé an freagra a thug sí ar theachtaire an tighearna ná
    “Nár gheibhead-sa bás choidhche go mbeidh tosach bórd ’s binnse ag Seán ó Baoidhaill.”
    Tar éis tamaill dhein Seán agus a bhean a n-aigne suas go raghaidís go Canadá. Cuireadar cúcha lón mór i gcóir an bhóthair, agus nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Maire Ní Leighin
    Gender
    Female
    Age
    56