School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 112
- XML “Púcaí”
- XML “Gleann na Bunóice”
- XML “Ceo”
- XML “An Bogha Sín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé daoine de's na mairbh ag marcuighíocht ar chapaill agus madraí 'ca a seilg.Tháinig eagla an domhain air, agus níor fhan aon mhaitheas na dhiaidh san air, 's cailleadh go luath é. Na daoine maithe a thug leotha é - mar bhuaileadar poc air.
- Tá "Gleann na Bunóice" ar an dTír Uachtarach i bParoiste Bhreanndáin. Fear a bhí a dul abhaile ón dTír go h-Ara-Ghleann oidhche, agus díreach mar a bhfuil deire an Bóthair Nuadh anois, do chualaidh sé an bhunóc ag gol i lár na h-oidhche agus b'áit leis é mar ná feacaidh sé duine no daonaidhe tímpeall. Tugtar "Gleann na Bunóice" air ó shoin.
- Informant
- T. Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Address
- An Tír, Co. Kerry
- Tá sé ráidte nuair a thagann ceo anoir go dtugann sé breóidhteacht leis.
- Deirtear san áit go seasuigheann an bogha-sín go mbíonn corcán óir ann. Deirtear gur lean fear é uair a d'iarraig an corcan d'fhagháilt ach gur thuit sé marbh leis an ocras.Eamon Ó Fínn, Tír Uachtarach