School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 111
  3. XML “Amhras”
  4. XML “Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí bean ann fadó. Bhí aon bhó amháin aici, agus bhíodh iongantas uirthi, cad a d’eirigheadh de’n bhó gach maidin, ná bíodh aon diúir bainne ’ca. Do bhí droch-amhras aici ar bhean dá comharsan.
    Oidhche amháin i Mí na Bealtaine, d’fhair sí an bhó feadh na h-oidhche, agus ar eirighe lae cad a chífeadh sí ná girr-fhiadh agus é na sheasamh ar a chosaibh deire, agus é ag ól na bó ar a chroidhe dhícheall.
    “Seadh,” ar sise, “tá sé ráidte riamh gur doimhin an poll poll an amhrais”.
    [Eamon Ó Seaghdha, 46 bl. ó’n athair.]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Púcaí
    Do bhí fear ar an dTír Uachtarach céad bliain ó shoin, go raibh a lán caorach aige. Lá breagh bhí sé a dul ar an gcnoc á bhfeuchaint. Nuair a bhí sé ar barra na faille, do tháinig ceo na thimpeall, agus ba ghearr ná raibh a fhios aige cá raibh sé. D’fhill sé i dtreo an bhaile dar leis, agus tar éis tamaill do ghlan an ceo agus fuair sé é féin istig i dtóin “Macha an Phúcha”. Do dhein sé ar an áit ‘na raibh na caoire arís, agus chonnaic sé iad go léir. Nuair a bhí sé a teacht abhaile, do líon an ceo arís, agus chonnaic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    P. Ó Seagdha
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    An Tír, Co. Kerry
    Informant
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    71
    Address
    An Tír, Co. Kerry