School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)109/168
agus, nuair a chonaic sí é, dúbhairt sí:
“Tá an leanbh so chómh imithe leis an gcuid eile ‘ca”. Bhí an leanbh ana-bhreoidhthe, nuair a tháinig Domhnall abhaile leis na ba.
Níor dhein sé faic ach a rádh le na mhnaoí corcan uisce do chur a beirbhiú ar an dteine. Do dhein sé annsan corcán breag leitean agus d’órduig sé dá mhnaoí galún mór bainne do thabhairt chuige. Nuair a fuair se é sin, dúbhairt sé leis an leanbh: “Seo a Ghiolla an Chliabháin, ní bheidh tú feasta adtúrtaoibh le biadh bunóice i dtig Dhómhnaill Uí Sheaghdha”. “Faig an píce (nó an t-sluasad) anois dom”, ar seisean le na mhnaoi. Do thug sí an píce a’ triall air, agus chuir sé ar deargadh sa teine é.
Nuair a bhí sé ar shlighe bheith dearg go maith, do phreab an seanduine beag liath as an gcliabhán agus seo leis sa t-siubhal amach an doras, agus nuair a fheuchadar ar an gcliabhán arís, bhí an mac féin ann go slán folláin.
Seán Ó Suilleabhain, Taobh a’Chnuic, 80 bl.- Informant
- Seán Ó Suilleabain
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cnoc Bréanainn, Co. Kerry