School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 108
  3. XML “Fear na Gealaí”
  4. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear na Gealaighe
    An fearsan a chídhtear anáirde ar an nGealaig is amhlaidh a ghuidh sé lor mór droighin as bhéarnain le na chómharsain lá Domhnach, agus do cuireadh anáirde annsan é mar shamhpla do ghaduighthe an t-saoghail, agus beidh sé ann go Lá na Breithe.
    Máirtín Ó Loingsigh, 66 bl. a chomhnuigheann ar Thaobh a Cnuic-Breanndan fos.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Na Daoine Maithe
    Bhí fear i “Lios Caolbhuidhe” fadó gur b’ainm do Domhnall ó Seaghdha. Bhí a leanbhaí go léir a’ fagháil bháis - slán mar a n-innstear é. Diaidh ar ndiaidh, sa t-slighe ná raibh aige, ar deire thiar ach éinne amháin. Agus bhí sé sin leis go leiche, mí-lítheach, meadalluighthe go leor. Lá amháin chuaidh Domhnall a’ d’iarraidh na ba chun a gcrúidte. Bhí liosachán ar an ngarraidhe, agus nuair a bhí sé a’ dul thairis, chualaidh sé an chainnt istig. “Conus a mhairfidh ar bhiadh bunóice i dtig Dhomhnaill Uí Seaghdha”.
    Nuair a tháinig Dómhnall abhaile leis na ba, bhí a bhean ‘na seasamh ag an ndorus roimis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Suilleabain
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Cnoc Bréanainn, Co. Kerry