School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 101
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nuair a tháinig an Spideóigín Mhuinntir Shúilleabháin,
    "A Ubhall Airm-Neach [?], a Rígh Gréag, ar sise, ná cuimhneófá ar an fhuil uasal ag eirighe in uachtar anocht agat. Do chlaidheamh a thógaint 's é bhualadh i dteórain cruaidh 's iarrann, agus é scaoileadh le gach taobh dá chliabh". D'eirig Ubhall agus do bhuail sé é(?) dteoram chruaidh 's iarrainnm 's scaoil sé de gach taobh dá chliabh é, agus mharbh sé é.
    Tháinig Ubhall annsan chun na cnámha, is do chaith sé insan tobar iad, agus d'eirig a bhuachaill arís chómh slán folláin 's bhí sé riamh.
    "Cimil braon de'n uisce díot féin", arsan Seanduine, agus cneasóchaidh sé do chneadhthacha. Do dhein agus bhíodar leighis-te láithreach. "Mhaise", adúbhairt an Seanduine arís, "an leig-fá dómhsa braon do thabhairt abhaile liom". "Conas a bhéarfaidh tú leat é?" adúbhairt Ubhall. "Thugas liom buidéal ó'n dtig", ar seisean agus do líon sé a bhuidéal den uisce. Do chuaidh Ubhall, a bhuachaill agus an Seanduine abhaile annsan go dtí tig an t-Seanduine. Do chaith sé braon den uisce ar an gcat agus dhein bean álainn grádhmhar di. Chaith sé braon ar an Seanbhean, agus deineadh bean óg láidir di sin. Chaith sé braon ar an Seanduine féin annsan, agus deineadh fear breagh óg de sin leis.
    "Mise Riogh na h-Áite seo", arsa an Seanduine bhí,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Dheada
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    P. O' Mórdha
    Gender
    Male
    Age
    89
    Address
    Cé Bhréanainn, Co. Kerry