School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 099
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    [ ar leanamhaint ó leathanach 70 ]
    "N'fhéadfainn é", a dúbhairt sí. "Eirig!" a dúbhairt se arís. D'eirig sí 's bhailibh sí gach a raibh ann.
    "An bhfuil aon t-slighe agat a bhféadfá mo bhuachaill a leigheas?" arsa Ubhall. "Ta", arsa an Seanduine "ach n'féadfá-sa é dhéanamh go deó. Tá seacht gcéad acra de tairnge (?) cruaidh agam. Seacht gcéad acra do bheithigheachaibh fiaine agam, agus seacht gcéad acra d'fhéar ar lasadh, agus n'fhéadfá-sa siubhal na h-áite seo do dhéanamh in a'chor".
    "Beir chúghat na cnámha", ar seisean, "agus buail amach rómham". D'eirigheadar, is chuadar go dtí na tarnaí (?). "Tair ar mo dhrom anois", adúbhairt Ubhall leis an Seanduine. Do chuaidh an Seanduine ar a dhrom agus níor ceangail aon tairne (?) air. Chuadar ansan go dtí na beithidhíg fiaine, ach níor thóg ceann aca a cheann den dtalamh. Chuadar annsan go dtí an áit 'na raibh an teine mhór , ach chuadar tríthe gan pian na marc ortha. "Anois", arsa an Seanduine, "feach rómhat suas ar an gcnoc. Tá seacht gcéad saighdiúirí ag tabhairt aire de thobar atá annsan. Tá fear eile ann leis, leath dhe [?] chruaidh, is leath de d'iarann, agus marbhochaidh na saighdiúirí thu má bhíonn sé sin na dhúiseacht. Ach má bhíonn sé 'na choladh, ní mharbhóchaidh siad thú in a' chor".
    Chuadar go dtí an cnoc. Dúbhairt Ubhall leis an Seanduine fanamhaint mar a raibh aige, go raghadh sé féin anáirde. "Má chídheann tú", ar seisean, "an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Dheada
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    P. O' Mórdha
    Gender
    Male
    Age
    89
    Address
    Cé Bhréanainn, Co. Kerry