School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 096
- XML “An Bhean go dTug Dia na Maoin di, ach gur Cheil sé an Croí uirthi”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 96/168(An bhean go dtus Dia na Maoin di, ach gur cheil Sé an croidhe uirthi)Fadó bhí cailín bocht dealbh a siubhal roimpi; a d’iarraidh déarca bíodh sí. Tráthnóna déanach amháin, bhí sí a’ lorg lóistín na h-oidhche dhi féin. Ach theip uirthi é fhagháil. Ní leigfeadh éinne istig í - éinne san bhaile beag seo a bhí ar thaobh bóthair. Bhí sí ag casadh ó’n áit nuair a bhuail fear léi ag bun an bhaile agus dúbhairt se leithi: Dul go tig sa chomharsanacht, mar a raibh duine de’n tig sin fé chlár an oidhche sin.
Dhein sé í thionlacan cuid den slighe i gcás ná féadfadh sí dul amú, agus nuair a bhíodar ag dul i gcomhangar an tíge, dúbhart an stróinséir seo léithi, nuair a raghadh sí isteach, agus nuair a chloisfeadh sí fear a tíge a’ lorg ar na cailíní a bheadh ann’ an té a dhéanamh, agus má dhiúltóchaidís é, é dhéanamh í féin. Dúbhairt sí léis go ndéanfadh sí amhlaidh. D’imig sí uaidh annsan agus chuaidh sí isteach go tig na farrtha.
Taréis tamaill de’n oidhche d’iarr fear a-tíghe ar na cailíní a bhí istig, an té do dhéanamh, ach thug gach duine aca leath-scéal éicint do sa timpeall. D’eirig an cailín bocht si agus iarr sí cead air é déanamh, agus fuair sí é sin go fonnamhar.(continues on next page)- Informant
- Seán d'h Órdha
- Gender
- Male
- Age
- 58