School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 83/An Gabha ‘san Fear Ruadh
Fadó do bhí a’maireachtaint i seanabhothán len’a bhean agus a mháthair.
Aon lá amháin agus é ag oibriú leis sa cheardtain, tháinig fear Ruadh lena chapall go doras na ceardtan agus d’iarr sé ar an nGabha, a’ dtabharfadh sé iasacht na n-úrlaisí ceardtan do ar feadh tamaill, go gcuirfeadh sé árduighthe féna chapall. Dúbhairt an gabha leis go dtabharfadh agus fáilte.
Do phreab an Fear Ruadh anuas dá chapall agus seo isteach é, agus thosnuig sé ag séideadh na mbolg go dtí go raibh an teine ‘san teallach chómh dearg le caor aige. Fuair sé an botún san barra chimleach annsan, ‘s bhain sé na crúba ar fad den gcapall, ‘s chaith sé isteach sa teine iad ‘s d’fhág sé ann iad ar feadh tamaill; agus nuair a thóg sé amach iad bhí na cruidhtí go daingean ar na crúbáibh. Agus chuir sé féin gcapall thar nais iad chómh slán follain ‘s bhíodar riamh. Nuair a bhí-san déanta aige, d’fhág a bheannacht ag an nGabha agus d’imig sé chun siubhail.(continues on next page)- Informant
- Tomás Gruiméil
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry