School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 073
  3. XML “Turas Flainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá baile beag annso i mBreanndán - "Taobh a' Chnuic" - agus is ann a tugtar "Turas Flainn". Glaodhtar an ainm seo ar an dTuras ó Naomh Flann.
    Tá béaloideas annso i measc na seandaoine gur mhair Naomh Flann in aimsir Naoimh Bhreanndáin, nó gairid na dhiaidh ; agus gur ó Chontae an Chláir a tháinig sé annso.
    Taisbeántar an Oráideán beag 'na mbíodh sé ag guidhe chun Dé, ach de ghréigean a thabhair-fa fé ndeara é ag fiadhaile, féar faille, 's sceacha, anois. Deirtear leis go bhfuil an Naomh curtha ann.
    Deirtear go raibh tobar mór in aice na Cille Bige seo ar dtúis, mar a ndeintí an Turas, ach gurb amhlaidh a bhí bean ar an mbaile is gur ghoid sí trí cínn de cheirtlíní snáith' ó mhnaoi chomharsan di.
    Do bhuail an bhean gur goideadh na ceirtlíní uaithi, leis an mnaoí seo lá, ag an dTobar Bheannuighthe, agus chuir sí 'na leith iad. Bhí an bhean so taréis leinbh do beith aici aga beag roimis sin, agus ní raibh aon choisricean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    80