School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anois, is ní bheimís roimis".
"Ní bheidh sé le rádh choidhche aige go ngoidfinn thu", ar seisean, "is fanfadh annso go dtiocfaidh sé".
I gcionn seachtmhaine tháinig sé abhaile. Do bhí clog sa tig 's níor bhuail an clog le hionghantas mór.
"Bféidir", arsan Fathach Mór, "gur bé an tUbhall Airm Nirt Ríogh Gréag atá romham". "Is é go díreach", adúbhairt Ubhall. Chaith an Fathach an beart eanlaithe dá dhrom, is líonadar an chúirt bhí an oiread san te méid ionnta.
"Táim tuirseach indiu, a Ubhall", ar sisean, "is tabhair aga dhom greas coladta, bheith agam go ceann cúpla uair a chluig".
Dob fhada le hUbhall a bhí sé na choladh, 's chuaidh sé amach 's bhuail sé buille dha chlaideamh ar an gCuaille Cómhraic, is do dhein sé dhá leath dhi. Do dhúisig an Fathach. "Is mo gaiscidheach a tháinig riamh treasna orm", ar seisean. Is níor bhuail éinne riamh aca, a leithéid de bhuille ar an gCuaille Comhraic".
Do dheineadar fé na céile annsan mar déanfadh dhá leomhan chuthaig, nó dá mhuic uisce (?) / gaisce (?) na fiannuíochta. Do dheinidís(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry