School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do chuaidh sí 'an leabhaidh leis an Mac óg, agus dúbhairt sí leis gur bé an Fathach Mór ó'n domhan thoir do chuir annsan í.
Dúbhairt sí gur rugh sé a driofúr leis ar dtúis le láimh láidir, ach gur chuir sí féin mar bhreith air gan í phósadh nó go dtiocfadh Ubhall an Airm-Nirt an tríomhadh chun í bhaint de.
Dúbhairt sí annsan leis ná raghadh a dhriotháracha thairis sin - mar gur bheirt mheathta iad; gur leis an gCoisteóir an driotháir críona; 's gur leis an buitléir an tarna driotháir; ná raibh éinne ag a athair is a mháthair ach é féin.
"Ar maidin" ar sise, "nuair a bheidh sibh ag imtheacht, ní raghaidh siad san thar gleann na Méighleach, is nuair a raghair-se anonn thairis beidh ceann gach aon ainmhidhe fé'n spéir ag méighlig go h-uathbhásach, ach ná cuir-se aon nath ionuta, mar, dá gcuirfthea, bheadh do cheann féin aca chómh maith.
D'imígheadar ar maidin, 's thángadar an gleann. Bhí bád annsan rómpa, is chuaidh an mac críona isteach sa bhád, ach chómh luath is bhí sé istig, do liúig sé 's do bhéic sé é thabhairt amach. Chuaidh an tarna driotháir isteach, ach níor bhfada istig é sin leis, nuair chrom sé ar lógóireacht - é thabhairt amach aisti.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry