School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach ní raibh sé ach leath na slíghe suas, nuair shleamhnuig sé, agus thuit sé go talamh arís. Seo leis an tarna driotháir suas, ach ní raibh sé sin leis ach leath na slíghe anáirde nuair a liúig sé 's do bhéic sé, é thabhairt anuas arís. "Á", arsa an driotháir óg, "is tréan na fir sibh a dul agus dtuairic fiacall bhúr n'athar". Seo leis féin anáirde, agus d'eirig leis dul go barra.
"Cím," a dúbairt sé, " agus bfadh amuigh ar an bhfairrge solus fé mar bheadh se in oileán".
"Caithfimíd bád nó currachán do dhéanamh chun dul ann", arsa an bheirt ba shine.
Do chromadar ar an gcurrachán chun í dhéanamh, ach fé mar bhuáileadh duine aca ar deiseal, bhuaileadh an duine eile ar dtuathal, agus bhíodar mar sin a lot na h-oibre eatortha. "Á", arsa an duin'óg "Ní dhéanfadh sibh an bheart go deo".
Do rug sé ar thuagh, agus dhein sé an currachán. Nuair a bhí sí críochnuighthe aige do thóg sé a cheap-órd agus do bhuail sé sa dheire í agus chuaidh sí mar lacha ar an bhfairrge amach. Do phreabadar isteach inntí[?], agus bhí oiread san siubhail(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry