School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fios a bheith aca ar cad a bhí ar a n-athair.
Chuadar go dtí an leabaidh agus d'fhiafhruigheadar de cad a bhí air. D'innis sé dóibh cad d'imigh air.
Bog is briathar orm adúbhairt an Mac Críona ná h-íosfadsa dhá béile bídh ar aon bórd. Is ná luighfeadh dhá oidhche ar aon leabaidh chun go dtabharfaidh mé t'fhiacla chúghat tar nais. "Raghad-sa in éinfeacht leat", arsa an tarna driotháir. "Tá go maith", arsa an Mac Críona.
D'eirigheadar ar maidin, agus d'imígheadar chun bóthair. Amach san lá so chonnacadar an driotháir óg 'na ndiaidh, agus dúbhradar le na chéile go raibh sé chómh maith aca é scaoileadh in éinfeacht leotha.
Do ghluaiseadar a'dtriúr le cois a chéile annsan, agus bhíadar ag imtheacht tre choill mhóir, agus bhí an choill sin ar bhruach na fairrge. Agus an oidhche teacht bíodar traochta agus shuidheadar síos ar feadh tamall.
"Cad a dhéanfaimís anois", ar siad le na chéile. "Tá sé chómh maith ag duine againn dul anáirde ar chrann féuchaint an mbeadh tig nó solas in aon áit".
Seo leis an driotháir críona anáirde(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry