School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 055

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 055

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 055
  3. XML “Scéal Eile ar na Murúchaibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    iad agus chuir sé an cochall isteach i bpoll ar an dtaobh thiar den ndoras.
    D'fhan an scéal mar sin ar feadh dá bhlain, í sa tig na dteannta; agus fear a tíghe ag gabháil de'n iascach gach lá gan staonadh. I gcionn an dá bhlian, do bhí an fear a' dul ar an dtráig lá chun baidhte do sholáthar dá ghleamuig. Do theastuig uaidh a hata "áil" d'fhagháil, agus dúbhairt sé leis an gcailín beag dul dhá iarraidh do, go raibh sé istig i gcróidhtín na líon.
    D'imig sí á chuardach agus deabhadh uirthi chun go mbeadh an t-athair buidheach di, ach ní bhfuair sí é san áit a dúbhradh léithi go bhfaigheadh. Bhí sí a feuchaint 'sa feuchaint ins gach áit, agus ar deire chuaid sí ar an dtaobh thiar de dhoras. Chonnaic sí an poll. Chuir sí a láimhín isteach, agus cad a thairriceóchadh sí amach ná an cochall. D'fhéuch sí air, ach má dh'fhéuch bhí a fhios aici nár bh'é sin hata a h-athar. Chuir sí thar nais é taréis é bhreithniú go maith ar feadh tamaill, agus ar deire d'eirig léithi hata a h-athar d'fhagháilt fé's na líonta, agus thug sí a triaill air é. Bhí san go maith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Dhéadha
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    Pádruig O' Morda
    Gender
    Male
    Age
    89