School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a phósadh." "Tiocfad" ar sise, "mar níl neart dul uaidh agam agus me gan mo bhrat."
D'imigheadar annsan le cois a chéile, agus thug sé aire mhaith gan an "brat" do leigint 'na gaor. Do pósadh iad, agus bhí ceathrar cloinne 'ca, agus ar feadh na h-aimsire 'a rabhadar pósta níor chualathars gur dhein sí gáire riamh.
Oidhche amháin, i gcóir Oidhche 'le Mártan, do mharbhuigheadar caora, agus bhaineadar an croiceann di. Bhíodar an oidhche sin ag róstadh an dubháin agus buachaillín ó'n mbaile istig ag féuchaint ortha ag obair, agus súil tar na beartaibh aige san dubhán agus é á róstadh. Nuair tógadh den teine é, ní bhfuair an garsún beag a bhlaiseadh agus sin é chuir an gcéad tríthidhibh gáirídhe í. Nuair a chonnaic a céile - fear a' tíghe - í ins na trithidhibh dúbha gáiridhe, d'fhiafruig sé dhi cad ab é fáth a fáire. Dúbhairt sí go mba ró-ait an scéal é, agus go mbeadh an garsún céadna san fós pósta le h-ingín leótha féin, agus ná beadh aon chlann aca. D'imig na blianta mar sin, agus aon lá amháin, bhí fear a tíghe go broideamhail ag treabhadh. Pé úrlais(continues on next page)- Informant
- Míchéal Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Tír Uachtarach, Co. Kerry