School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 025
- XML “Béaloideas ó Chluain Searrach i bParóiste Chlocháin - Scéalta ar na Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó, do mhair ar an gCluain Searrach seanduine de mhuinntir Loingsigh. Tá mac a mhic a maireachtaint ann anois agus é 73 bliana d'aois.
Maidin amháin d'éirig an seanduine seo go moch, agus d'imig sé amach a' féuchaint na feirme. Sa t-samhradh dob eadh é, agus bhí an drúcht go trom ar an bhféar. Sa t-siúbhlóid do tháinig sé treasna ar seana stoca dubh a bhí caithte ar an gcasán agus é lán de luibheanna. Do phrioch sé suas é, agus chuir sé fé na chasóig é. Má dhéin níor bhfada gur casadh bean air, agus bheannuigh sé dhi. In ionad freagra is amhlaidh a fhiafruig sí dhe an bhfuair sé aon nídh a' dul amúgha. Dubhairt sé léithe go coranta ná fuair, mar dréir deabhraimh fear dána neamh-eaglach dob eadh é. Chuir sí an cheist chéadna an tarna h-uair, agus fuair sí an freagra ceadna. Do ghlaodhuig sí amach annsan go h-árd - "An bhfuileann tú annsan a Chormaic "? "Táim, arsa an guth istig sa stoca.
"Seo dhuit do Chormaicín mar sin," arsa(continues on next page)- Informant
- Diarmuid Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Cheapaigh, Co. Kerry