School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 016
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Do chuadhas ar rith go Taobh-a-Chnuic.”
(continued from previous page)16/
III.
Do ghabhas gan mhoill go baile Uí Dhuibhne
Go dtí fígheadóir de mhuinntir Chléirigh
Ach is amhlaidh a bhí sé amuith ar an gclaidhe
Agus shín sé breac deas éisc chúgham
Do loirigeas úghaim air má bhí sí rúnach
Go bhfíghfinn blúire bréide
Ach dúbhairt sé liom go rug fear siúbhail
Ó dheas go Dún na gCraobh í.IV.
Do chuadas i dtrioslóig go Cúl na gCupóg
Go dtí Muiris-a-Ceantair - Waver.
Ach bhí sé rómham anáirde ar bórd
Is é a’ dearradh mairt-fheól in’aonar
Do loirigeas úghaim air má bhí sí rúnach
Go bhfíghfinn blúire bréide
Ach dúbhairt sé liom gur sciob garsún
Thar Daingean anonn indé í.(no title)
“A Mhuir-fhoragán cé fada ó thuaidh.”
Deirtear gur b'é Piaras Feirtéar a dúbhairt é seo:
A Mhuir-Fhonagán cé fada ó thuaidh
Is mó sliabh ruadh 'a lár!
Is mó fiolar agus Ceann Cruaidh
Ar an dtaobh thuaidh do d gheal tráig.[Baile ar an dtaobh thuaidh de Bhreanndán é seo.](continues on next page)