School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 008
- XML “Béalmúinteoiras ó Baile Uí Dhuibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Béaloideas ó "Bhaile Uí Dhuibhne" i bparóise Chlocháin, ar theórain Bhreanndáin i mBarúntacht Chorca Dhuibhne. "Micí Learaidhe" (Loingseach, dob eadh é) ó Bhail' Uí Dhuibhne do cheap na dréachta so. Do scríobhas iad blianta ó shoin ó bhéal aithris "Seán Neddí" (nach maireann) - tímpeall le fiche bliain ó shoin. Do mhair "Mici" le linn óige Sheáin. Ar an gCeapaig a bhíodh Seán. [S. ó Loingsigh o.s.]"Geall", do b'eadh é seo, do cuireadh le "Mici". Is amhlaidh a bhí sé oidhche ag iascach i gCuan Bhreanndáin. Do shéid an oidhche agus dob éigean do féin is dá chriú tarrac is cur díobh isteach.
Tá carraig sa bhfairrge ar an dtaobh thuaidh do Ché Bhreanndán - tímpeall 60 slat ó cheann a' ché, ar a nglaodhann siad "Carraig Niocláis". Nuair bhíodar chómh fada le Carraig Niocláis agus ceann scríbe nach mór sroichte 'ca, do chuir an bheirt a bhí sa naomhóig le "Micí", geall leis - leath-phiúnt biotáile nuair a raghaidís isteach - ná beadh dhá bhéarsa ceapaithe aige den gCarraig sar a sroichfidís Ceann an Ché. Chuir "Mici" an geall leo go fonnamhar, agus nuair bhíodar cliathanach leis an gCarraig, thosnuig sé mar seo:-(continues on next page)- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seán Neddí
- Gender
- Male
- Address
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry