School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 375

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 375

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 375
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do luig an droch-shaoghal go trom san gceanntar so, agus ins gach áit in Éirinn. Ní raibh aon bhiadh le n-ithe aca mar do lobhaidh na prátaí agus is ar turnapaí a bhídís ag maireachtaint ach bhíodh gráinne mine buidhe ag cuid aca. Fuair fear bás i gCoill Móir agus bhí duileóga istig na bhéal taréis a bháis. Do bhí fear eile ón dTír agus fuaireadh féar glas istig na bhéal taréis a bháis. Níor cabhruig aoine le muinntir na h-áite seo. Do bhí daoine na cómhnuidhe i dTír de mhuinntir Lúbhaing. Do bhí gráinne mine bhuidhe aca agus fuair an mháthair bás leis an ocras mar bhí sí ag fágaint an bhídh ag a clann. Chuireadar í agus cupla lá na dhiaidh sin bhí buacail aca a' dul amach go dtí na cómharsain cun chíste do dheanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomas Ó Néil
    Gender
    Male