School: Scoil N. Erc

Location:
Baile an Mhúraigh, Co. Kerry
Teacher:
Bean Uí Chinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Erc
  2. XML Page 162
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cistí óir i bhfolach.
    Do bhí fear i mbaile an lochaig fadó. Bhí paiste beag talmhan aige agus bhí lios in aici an tíghe cómhnuidhthe, pé rud a phrioc an fear bocht so do cuir sé prátaí ins an lios. Nuair a bhí sé ag treabhadh na leasa fuair sé cnapáin beaga óir fé thalamh. Níl na sean daoine atá ar an mbaile deimníghtheach ar bhain sé úsáid as an ór ach pé sgéal é ní raibh aon rath ar an líon tíghe as san amach. Do cailleadh a chlann go léir ach an t-aon duine amháin agus bhí beirt cailíní óga leis fé clár i n-aonfheacht slán mar a n-ínnstear é.
    Tá rian na n-iomairí le feiscint ins an lios seo fós agus do chonnacathas soillse ínnte go minic más fíor na sean daoine.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Lochaigh, Co. Kerry