School: Clochán (roll number 14987)

Location:
Cloghane, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin

Filter stories

Back
/ 152 Forward
Resolution: Low | High
Cluichí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Cluichí
1. Imirt cnaipe.
Cuirtear cloch (spriuc) ar an dtalamh agus annsan caitheann beirt nó triúr cnaipí leis an spriuc agus an duine gur leis an cnaipe is giorra don spriuc gheobhaidh sé na cnaipí go léir.
2. "Madra Ruadh agus na Sicíní."
Cearc: Ca bhfuil tú ag dul?
Madra Ruadh: Go dtí an tráigh
Cearc: Cad chuige?
M. Ruadh: I gcóir mála gainimhe
Cearc: Cad chuige an mála gainimhe?
M. Ruadh: Chun mo sgian agus mo forc do ghlanadh
Cearc: Cad chuige an sgian agus an forc.
M. Ruadh: Chun na sicíní do mharbhú.
Cearc: Cá bhfuil siad?
M. Ruadh: Tá siad taobh thiar ded' dhrom
Cearc: Lorg iad.
Bíonn na "sicíní" taobh thiar den "cearc"

(continues on next page)
Collector
Diarmuis Ó Dúbhda
Gender
male
Address
Ballynalacken, Co. Kerry
Language
Irish