School: Clochán (roll number 14987)

Location:
Cloghane, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin

Filter stories

Back
/ 152 Forward
Resolution: Low | High
Imirt Peile

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 095

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó ní bhíodh na daoine ag imirt peile ach in cúpla áiteanna. Ins an blian 1888 bhí cluiche peile idir na Caol Bhuidhe agus Abhacaisle. I bpáirc le Padruig Ó Bhríc ó Bhaile an Aighre a bhíodar ag imirt. Bhíodh timcheall fiche fear ins gach fuireann. Ba iad fuireann Lios na Caol Bhuidhe an fuireann ba dheise. Ní raibh ach aon cúl ag fuireann Abhacaisle agus bhí timcheall naoi nó deich cúl ag fuireann Lios na Caol Bhuidhe. Bhí an páirc dúbh le daoine an lá san ag feucaint ar an cluiche. Séamus Ua Ruairc an captaon a bhí ar fuireann Lios na Caol Bhuidhe agus sé Antoní Donnchadha an captaon a bhí ar fuireann Abhacaisle.


Seán Ua Murchadha,
Doire na Muice,
Clochán,
Caisleán Ghréighre

Fuaras ó Máire Bean Uí Mhurchadha

Collector
Seán Ua Murchada
Gender
male
Address
Cloghane, Co. Kerry
Informant
Bean Uí Mhurchadha
Gender
female
Age
52
Address
Cloghane, Co. Kerry
Language
Irish