School: Clochán (roll number 14987)

Location:
Cloghane, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin

Filter stories

Back
/ 152 Forward
Resolution: Low | High
Bia na Seanaimsire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 078

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó ní itheadh na daoine ach dhá béile sa ló ins an ceanntar so. Is amhlaidh a thagadh siad abhaile ón obair a bhíodh ar siubhal aca ins an páirc go dtí an breacfeast, agus dá mbeidís ins an portach nó in aon áit ibhfad ó'n dtig tugadh an bhreicfeast cucha. Itheadh siad an céad béile sé sin an breicfeast timcheall aon déag a clog. An breicfeast a bhíodh aca annsan na bainne agus arán buidhe agus iasc beirbhithe. Bhíodh an béile eile acu annsan timcheall sé a clog san tráthnóna. Prataí a bhíodh acu agus iasc. Inaice an bhfalla a bhiodh an bórd aca igcomhnuidhe. Bhíodh trí saghas aráin acu, steampaí, sé sin arán déanta de prátaí. Briseadh siad na prátaí le gráta, sé sin píosa stáin agus alán poill air.

(continues on next page)
Collector
Seán Ua Murcadha
Gender
male
Address
Cloghane, Co. Kerry
Informant
Bean Uí Murchadha
Gender
female
Age
52
Address
Cloghane, Co. Kerry
Language
Irish