School: Clochán (roll number 14987)

Location:
Cloghane, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin

Filter stories

Back
/ 152 Forward
Resolution: Low | High
Bia na Seanaimsire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 075

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Trí béií sa ló a bhíodh aca fadó. Sara íosfaidís an breacfast raghaidís amach ag obair agus taréis cúpla uair ag obair, thagaidís isteach chun an breacfast d'ithe. Prátaí agus iasc agus bláthach nó baine ramhar a bhíodh aca an breacfast. Nuair ná bheadh na prátaí aca, bheadh arán buidhe aca déanta de uisge friuchaigh agus min. Bhíodh an rud ceadhna aca i gcóir an dinnéir. Dheinidís leite i gcóir an tsuipéir. Cuiridís bláthach ag beiriú ar dtúis agus annsan bheadh siad ag caitheamh an min isteach go dtí go mbíodh sé ramhar, istigh sa corcán. Bhíodh na héisc ana flúirseach i Bágh Branndáin san am san, agus

(continues on next page)
Collector
Maitias Ua Dúbhda
Gender
male
Address
Ballynalacken, Co. Kerry
Informant
Séamus de hÓra
Gender
male
Age
72
Address
Ballynalacken, Co. Kerry
Language
Irish