School: Clochán (roll number 14987)

Location:
Cloghane, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin

Filter stories

Back
/ 152 Forward
Resolution: Low | High
An Tiarna Talún

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 069

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Siad so na Tighearnaí talmhan a bhi anso fadó. Baron Ventry agus Hickson. Fear ana cruadh abeadh Baron Ventry. bhíodh sé ag cur na ndaoine amach as a dtighthe ar taobh an bhóthair. Bhíodh sé in a comhnuidhe i mBaile Góilín inaice an Daingean.
Ní raibh sé comh cruaidh ar na daoine ar an dtaobh so de'n cnoc. Do maitheadh sé fiche bliadhna arears ar na daoine i bparóiste Clocháin. Fear ana mhaith dob ea an Tighearna Hickson. Bhí sé na chomhnuidhe i Fearmoyle i bparóiste Baile Dubh. Bhi aon mhac amháin aige agus bhi sé idtir éigin ag troid dóibh. Aon lá chuaidh bean Hickson go Tráighlí le cóiste agus seisearach. Nuair do shrois sí an Baile Mór chualadh sí go raibh a mac marbh. Nuair a chualaidh sí go raibh a mac marbh diompaigh si ar a sáil arís go

(continues on next page)
Collector
Seán Ua Murcadha
Gender
male
Address
Cloghane, Co. Kerry
Informant
Máire Bean Uí Murcadha
Gender
female
Age
52
Address
Cloghane, Co. Kerry
Language
Irish