School: Luachair (roll number 10045)

Location:
Lougher, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luachair
  2. XML Page 054
  3. XML “Na Trí Chomhairle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lámhanú bocht thiar i nDúnchaoin fadó agus ní raibh éinní sa t-saogal aca. Dubhairt an fear go raghad sé féin i naimsir agus chuaidh sé síos go lár na h-Éireann ag tuileamh. Dhein sé margadh le feirmeóir annsan ar feadh trí bliana ar comhairle. Sì an chomhairle "Ná gábhailt an bóthar díreach i gcomhnuidhe". Gan gábhailt trì aon chomhangar. Dhein sé margadh ar feadh trí bliadhna eile ar chomhairle eile "Gan codailt insan dtig go mbéadh cailín óg pósta aige seanduine". Tug sé trí bliadna eile ar chomhairle eile "Gan rud a déanamh indiu go mbéadh aitreacas amáireach air".
    Seadh" arsa e sin leis an bhfeirmeóir "Is maith atá mo naoi bliadhna caitte agamsa ag dul siar go Duncaoin arís gan aon leathpingin airgidh, ac trí chomhairle is gan aon mhaitheas dom ionnta.
    "Ná bac arsa an feirmeóir naidirís chathain a dfoirfead na comairlí sin duit. Lug an feirmeóir císte aráin do agus dhá chéad púnt isthig ann nuair a bhí sé fágaint agus ní raibh fhios aige in aoncor é go dtí go chuaidh sé abhaile. Dfág sé slán agus beannacht ag an bhfeirmeóir agus é go cráidhte ag cur cun bóthair abhaile. Gan aon leathpinge airgidh aige tar éis a chuid aimsire.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Informant
    Áine bean Uí h-Iarflaithe
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    Lougher, Co. Kerry