School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 592

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 592

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Page 592
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear ann fadó; bhí sé pósta agus bhí clann mhór aige.

    Bhí aicíd throm ortha agus bhíodar sa leabaidh. Bhí seacht gcinn de bhuaibh aige; fuaradar go léir bás mar ná raibh an tádh leis. Ní raibh aon bhainne aige annsan chun a thabhairt dos na páistí. Maidean áirithe tháinigh bó isteach ón bhfairrge agus do sheas sí taobh amuigh don doras.Diarr an fear ar a mhnaoí an bhó do chrúdh. Do chrúidh an bhó agus bhí go leor bainne aca annsan. Bhí dhá gamhain aici gach bliadhain. D'fhan sí leis ar feadh caogad bliadhain agus bhíodar ana shaidhbhir. Bhí ead ar na comhursanaibh mar gheall ar sin. Lá amain dubhairt fear an tighe,gach rud a thuit amach,le na comharsanaibh.An lá na dhiaid sin d'imthigh an bó uatha agus bhíodar comh bocht agus a bhíodar ar dtúis.
    Máire, Bean Chonchubhair Uí Chinnéide, Áth na gCeap, Abha na Scáil, ná maireann, a aithris. Bean Feirmeora í Máire:Aos 82 bliadhain. Bhí an scéal i mbéal na ndaoione le linn a h-óige.
    Tógadh síos Abrán '38
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Chonchubhair Uí Chinnéide
    Gender
    Female
    Age
    82
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Annagap, Co. Kerry