School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (B.)
- XML Page 579
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí baintreach bocht ar an Riadg fadó.”
(continued from previous page)a bhí á cur roimis agus dubhairt sé go imtheoghadh se ón áit. Tugadh a lán ar fad d'airgead do i dteannta an méid a thug na cailíní do. D'imtig sé go dtí an Riasg agus thóg sé tig núa ann agus do phós sé. Cuir sé fios ar a mháthair annsan. Bhí saoghal sona sásta acu an dá lá deug is a maireadar. Sin mar a déin Corr Lasg amadáin do Lord Ventry agus a lán daoine móra eile a bhí timcheall air.(no title)
“Bhí garsuinín beag ann fado ag rit timceall na mbailre.”
Bhí garsúinín beag ann fadó ag rith timcheall na mbailte. Cé leis é nó cad as a tháinig sé ní raibh fios ag aoinne agus nuair aon ceist air ní mór an tor a geabaidís uaidh. Do thóg feirmeoir mór cuige féin é agus sé an curam a cuireadh an feirmeoir air na ag tabhairt aire dá mháthair. Do bhí sí sin an críona an uair sin agus theastuig cabhair uaithe i gcomnuidhe cun í tabhairt isteach is amach agus ceap an feirmeoir saidhbhir seo go ndeanfad an garsúinín seo an obair go diabhail. Seadh am baich bhíodh an garsún ag tabhairt isteach is amach i gcomnuidhe. Is minic a dhfhíafruígheadh sí do can b'ainm do. Sé a geibeadh sí mar freagra i gcomnuidhe ná "Mé Féin a croidhe"Ní ró cneasta a bhíodh an garsúinín leis an seana bean agus is minich a chaith agus a leag sé í agus núair a d'fiafruígeadh an feirmeoir dí cé deineadh é deireadh sí "mé féin a croidhe" Ós más tu féin a dein é a deireadh sé níl aon leigheas ag aoinne ort.
Aon lá amain thuit an Seana Bhean agus sé dhein an gharsúinín ach í chaitheamh isteach í dtor neanntóg. Chuaidh sé isteach agus(continues on next page)- Informant
- Nóra Ní Laochdha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female