School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 576

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 576

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Page 576
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí baintreach bocht ar an Riadg fadó.

    Bhí baintreach bocht ar an Riasg fadó. Bhí aon mhach amháin aici agus bhí sé ana-díomhaoin.
    'Sé an leas ainm a bhí ar an mac san ná Corr-Leasg.Bhí an mháthair bhocht chortha ó bheith ag tarrac chuige agus gan é féin in fhonn faic a dhéanamh. D'imthig an mháthair di féin feasta agus dúbairt sí leis dul ag tuilleam do féin anois.Bhí sé istig suidte sa cúinne agus bhí dhá choss mhóra air agus iad ag teacht amach ag an ndoras. Bhí sé á chailleamhaint ag an ochras. Do thug sé léim agus dúbhairt gur chuma leis i n-ainm Diabhail cá ragadh sé nó cad a dhéanfaí leis nuair a bheadh trí beilí maithe bídh itthe aige. Do tárla san am gceadna go raibh Lord Ventry na comhnuidhe i mBaile'n Ghóilín agus go raibh a lán airgid goididhte uaidh. Cuir sé daoine amach ag lorg feachaint an bhfeadfhaidís a dhfhágail amach cé goid an t-airgead. Am baic do cualaidh Corr-Lasg an sgéal agus dúbairt sé leis go ragad sé go Lord Ventry agus go ndearfadh sé leis go raibh fios aige féin cé goid a dairgead. Chuaidh sé fé dhéin an Tigearna agus dubhairt sé leis dá bhfaghadh sé trí beilí bídh go dtabharfadh sé an t-airgead dó. Ceap an Tigearna gur aige Corr-Lasg a bhí an t-airgead agus do cuardiugheadh é ach ní raibh pioc le fágail acu dho. Do cuireadh suidhte chun búird é láithreach agus ba geárr go dtáinig cailín aníos cuige agus gach sórt bídh ar méis aici chuige. "That wan of them" arsa Corr Lasg ag cómaireamh na "mbéilidheacha" Cuaidh an cailín síos agus dubhairt sí leis na cailiní eile go raibh amhras ag Corr Lasg ortha agus ars' í sin nuair a bheidh an chéad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1641: Doctor Know‑All
    Languages
    Irish
    English
    Informant
    Nóra Ní Laochdha
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female