School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 559

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 559

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Page 559
  3. XML “Béaloideas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus an lá a phós sé, bhí sé féin agus a bean ag teacht abhaile agus do fuaduigheadh é. Do cuaidh sí ghá lorg agus dubhairt gach aoinne sa deire gur guid na daoine Maithe é.Bhí bean taobh thiar de'n nDaingean go nglaodhís Móirín uirthi agus cuaidh sí siar agus dubhairt Móirín go raibh sí féin ró críonna agus nár bhfhéidir léi siubhal ach go gcuirfeadh sí a h-inghean an aonfacht léi.
    Cuaidh inghean Mhóirín an aonfacht léi agus cuardaighdeadar gach lios in Éirinn. Thosnuigheadar ar an gceann badh shia uatha go dtí go dthánghadar go dtí an lios seo go nglaodhtar Lios na Daighche air. Is amhlaidh a bhí an bhean sa lios go raibh an fear aici.Bhí sí ag cíoradh a gruaige nuair a connaiceadar í. Cuir inghean Móirín dhá láimh ar a súile agus cuir sí na ceisteanna seo uirthe.
    A Clíona a Clíona,
    A bean bínn beasac,
    Go mbeannuigidh na
    Naoimh duit is Aon Mach Dé,
    Is fada an stáirseo do thángna id fheachaint,
    Feachaint conus ata agat Seán'ac Séamuis.
    No bhfuil ar t-eolus aon oig bhean réidh leis.
    Dubhairt Clíona.
    An tu Móirín ó iarthar Eireann.
    Dubhairt inghean Móirín.
    Ní mé, ar sise,ach inghean righ iseadh mé.
    Dubhairt Clíona.
    Dá mbadh inghean rígh thu do bheadh fáinne óir ar gach méar leat
    Dubhairt inghean Móirín.
    Caithfidh a tú seacht gcéad sean a fuigheach bhleinfionn.
    Agus seacht gcéad gabhar agus iad go léir ar aon dath
    Agus seacht gcéad bairlle d'airgead réalach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán S. Ó Curráin
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    71
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Annagap, Co. Kerry