School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 511

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 511

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Page 511
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gadaidhe ann fadó d'árb ainm an Gadaidhe Dubh. Aon lá amháin chuir fear geall leis ná goidfeadh sé an bharlín go bhead sé 'na luighe uirthi an oidhche sin. Fear ana shaidhbhir do beadh an fear agus chuir an gadaidhe geall dhá chéad púnt leis. An oidhche sin nuair a chuaidh an fear a chodladh thug sé gunna leis. Fúair an gadaidhe dréimire agus chuir sé fear marbh a cuireadh an lá sin taobh amuigh d'en fuinneóig. Nuair a chonnaic an fear an fear marbh cheap sé gur b'é an gadaidhe a bhí ann agus chuir sé piléar tríd. Thuit an fear anuas agus cheap an fear go raibh an gadaidhe marbh aige. Rith sé féin agus a bhean amach chun an gadaidhe do chur san iothlainn. D'fhág siad an doras oscailte mar bhí an iomad fotharaga ortha.Chuaidh an gadaidhe isteach an fhad a bhíodar amuigh agus ghoid an bhairlín. Núair a tháinigh an fear isteach chonnaic sé go raibh an bhairlín imthighthe agus bhí fhios aige gur b'é an gadaidhe a thóg í. Do theasbáin an gadaidhe an bhairlín do an lá 'na dhiaidh agus fuair sé an dá chéad púnt.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Chathasaigh
    Gender
    Female
    Age
    41
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Farrannacarriga, Co. Kerry