School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (B.)
- XML Page 489
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear sa Chúil gur b'ainm do Saigdiur na Cúlach.”
Bhí sé san arm agus do mairbh sé tiagharna talman agus do caith sé rith ó's na saighdiúirí. Do bhíodh sé suas i nGleann sa Cumhail agus bhíodh tig beag aige agus bhíodh sé lán de airm aige. Lá amháin do bhí sé ag foghlaeireacht sa Chaol agus do connaich sé saighdiúirí thiar in aice le Caisleán na Mináirde agus do tug sé trí nasgach don captain. Fear ana thapaidh a bead é.D'fheadfadh sé dul anáirde ar capall gan aon lámh a cur air ón dtalamh. Dá bhfeicfeá é ceapfá ná raibh aon anam ann.Bhí Saipeal Protastunach i mBaile- na- Cúirte fadó. Oidhche amháin do bhailg na daoine timpeall agus leagadar é. Ní raibh pioch de le feiscint ar maidin. Cuireadh cuid den admad i bpairch Seán Uí Cathasaig. Cuireadh an clog i bportachDubh Ghaill agus fuair sean duine é nuair a bhí sé ag gearrad móna.Do tug sé é go dtí an tighearna talman é agus ní raibh aon cíos ar a tig ar feadh trí bliadna.Do fuair Pádraig Ó Curnáin ceann de's na clocha agus do cuir sé ar a thig é agus do bhíodh sé leagatha gach maidean ag na pucaí agus do caith sé as ar fad é. Tá crann mór ag fás istig i lár na reilge.Fadó ní ithidís ach dhá bhéile. Bhíodh béile acu ar maidin agus béile eile san oidhche.D'eirigidis timcheall a cuig a clog agus bhidis ag obair go dtí na naoí a clog. Annsan bhíodh bracfast aca de prataí agus bainne gear. Annsan d'ithidís ar a naoí a clog tráthnóna agus an rud
ceudna a(continues on next page)- Informant
- Pádraig Uí Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Ballynacourty, Co. Kerry